Beidh go leor imeachtaí ar siúl i gColáiste an Átha i rith Seachtain na Gaeilge i mbliana. Beidh céilí sa halla spóirt, beidh ranganna ag déanamh póstaeir trí ghaeilge, beidh ranganna éagsúla ag foghlaim ‘Amhrán na bhFiann’, beidh tráth na gceist ar siúl, beidh ranganna ag cócaireacht bia ghaelach agus ag déanamh biachlár i ngaeilge, sa rang Miotalóireacht beidh na daltaí ag déanamh Seamróig ó mhiotal. I rith seachtain a dó beidh tuismitheoirí ag baint úsáid as cúpla focal le cupán tae agus beidh TG4 ar siúl ar an teilifís sa cheantar sóisialta ag am lóin. Tá bileog ag gach Múinteoir agus ag an Rúnaí le phrásaí áisiúla!! Beidh tráthnóna spóirt ar siúl Dé h’Aoine agus tá gach duine ag tnúth go mór leis. Bain triail as!!!
Category: Uncategorized